Ó Crann i bPáirc an Fhionn Uisce
Crann CrannÓ Crann i bPáirc an Fhionn Uisce
Áit go mbím ag rith
Áit go mbím ag urnaí
Mo sheacht beannacht is fiche ort
Mórathair mo chroí
Bheir domh
Do áilleacht
Do láidreacht
Do chríonnacht
Do aird is ard
Do sheasamh fada
Is tú chomh séimh is ceanúil liom
Bheir domh
Do ghéaga dána
Do rútaí do fréamhacha
Do chraobhóga galánta
Do chraiceann
Do huigeacht
Agus do lámha thart orm
Bheir domh
Do nós cuma leat
Do láithreacht
Do chinnteacht
Go raibh, go bhfuil, go mbeidh
Achan rud i gceart
Do shonas inmheánach
Nach deireadh an bás
Ach athfhás.
Crann Crann
Ó Crann i bPáirc an Fhéinícs
Paul Larkin
Páirc an Fhionn Uisce, Baile Átha Cliath ag tús an Fhómhair 2008