Alt Amháin - Single Article

Fonn!

airgead  glas  oráiste  corcra  buí  liath

Please email your comments to:

All fair comments, criticisms and praise will be posted!

Pól Ó Lorcáin
Paul Larkin

Chroniclers are privileged to enter where they list, to come and go through keyholes, to ride upon the wind, to overcome in their soarings up and down, all obstacles of distance, time and place.
Charles Dickens - Barnaby Rudge, Chapter The Ninth

Denis Donaldson – agus seo uilig cionn is gur iarr muid cothrom féinne.

(Tá mé eolach faoi gur féidir scéal Denis Donaldson a bheith i bhfad níos doimhne ná go bhfuil fhios againn faoi láthair. Cibé ar bith, silim go bhfuil na pointí seo thíos go ginearálta oiriúnach maidir leis an “Impireacht” atá i gceannas sa tír seo go fóill…..)

Mar aon le go leor daoine, bhí iontas bocht orm nuair a mhothaigh an scéal faoi Denis Donaldson agus na líomhaintí a rá go raibh sé ina spiaire fadtréimhse ar son na fórsaí rúnda sna Sé Contae (seans an spiaire is mó) laistigh den ghluaiseacht phoblachtach. Is beag gur chreid mé é go dtí gur admháil Denis é féin é fríd preasráiteas ag an deireadh seachtaine seo (15/6ú na Nollag).
Chas mé ar Denis cúpla uair agus mé ag obair sa BBC sa Tuaisceart agus tháinig sé trasna mar dhuine séimh agus macánta. Scéal brónach ar fad atá ann gur ghlac sé, macasamhail go leor poblachtaigh eile, an cinneadh ag obair ar son an namhad. An cuid is mó den am bíonn an cinneadh seo glactha i ndiaidh brú millteanach a bheith curtha ar an duine aonair ó na fórsaí “slándála" agus an duine seo i gcillín uaigneach, agus go minic faoi bhrú go pearsanta.
Silim go nochtann an fhreagairt ar an scéal imeasc an phobail dhá rud airithe nach bhfuil mórán cainte air sa mheán cumarsáide. Sa chéad dul síos, tá an tír scartha go huile is go hiomlán idir taobh amháin, áit a bhfuil daoine le dearcadh frithchoilíneachta agus iad ábalta an scéal a mhíniú fríd an radharc sin; agus ar an taobh eile, daoine a bhfuil sásta, nó ar an laghad ar nós cuma leo, go bhfuil an tír faoi smacht na hImpireachta go fóill. Ceist atá ann an darna pointe, agus seo rud nach bhfaca mé luaite áit ar bith sa chaint uilig faoi Denis Donaldson. Agus is í an ceist ná, cad é na fáthanna go díreach don hollchóras spiaireachta a thóg agus chothaigh na Sasanaigh fríd na blianta i dtír s’againne?
Tá freagra agamsa ar an gceist seo. Freagra iontach simplí atá ann. Tá fuath ag an aicme cheannais i Sasana ar na hÉireannaigh. Nil mé ag caint faoi na gnáthdhaoine i Sasana ach an dream sin atá dofheicthe ach lán cumhachta thall. Cruthaigh siad córas spiaireachta anseo na céadta bliain ó shin cionn is go bhfuil taithí mhaith acu i go leor áiteanna gur seo an modh smachta is fearr agus dóigh do lorg a fhágáilt go buan sa tír. Níl Denis Donaldson ach an sampla is deireanaí den pholasaí seo agus nuair a amharcann tú ar an fhear beag seo, agus smaoiníonn tú ar a theaghlach agus an náire a bhfuil orthu anois go síoraí, feiceann tú, dar liomsa, cé atá ina Daithí agus cé atá ina Goliad sa scéal seo. Agus cad é go díreach atá ann gur iarr muid chun an chineál innill sceimhlitheoireachta stáit seo a tharraing anuas orainn féin?
Aríst, tá sé iontach simplí. D’iarr muid cothrom féinne agus féinsmacht ar ár gcinniúint féin. Tá Denis Donaldson mar roinnt den fhreagra ón ár “mhaistrí” a bhfuil a rá linn nach mbeidh neamhspleáchas againn a fhad is go bhfuil siadsan ábalta stop a chur air.
No comments yet:


 


Comments must be approved before being published.



Meta Information:

Title: Denis Donaldson – agus seo uilig cionn is gur iarr muid cothrom féinne.
Date posted: 17 Dec '05 - 18:34
Filed under: General
Next entry:  » Broad Translation to English of Denis Donaldson article below.
Previous entry:  « Never The Twain Shall Meet ? - North South Unity

Baile - Home