Maidir le mo chara Cathal Ó Searcaigh
Lucht Seilge na SíogCloisim trup is callán, glam is tafann, ó lucht caomhnóirí an Saorstáit
Lucht an Irish Times, an Rialtais, Lucht an aineolais
Tá cumhracht faoi leith san aer – leabhair is filíocht dóite
Agus iad iarraidh cosc a chur ar Chathal s'againne
Macasamhail sagairt le húdaí dubha orthu - bailithe ar an chladach
Ag déanamh go bhfuil siad ábalta an taoide féin a thiontú
Chun glór an fhile a mhúchadh
Bhí a phobal féin ar eolas ón tús nach gnáthdhuine Charlie
Ach duine le Dia sa dú dath idir bhéithe agus beithígh
Ni raibh ciall ag an síofra riamh, ach amháin sa dán
Duine de na síoga, maithe is olca
Toradh broinne a mháthar, fairy mar is ceart
É céasta ag na Déithe, sínte ar dhroim an Eargail
Macalla a ghlóir i ngearáin na gcaorach ag dul ar mire suas na cnoic
I gcúlchaint an uisce chaoráin, san ollscairt ag an bhearna bhaoil
Truacánta, Sotalach, Séimh, Lúitéiseach, Fáilteach, Contúirteach
Greamaithe sa teach na ngealt céanna
Ina raibh a chomharsan Mac Grianna
File atá ann Cathal
Idir Shearc agus Siorc
Ach nach dtáinig spadhair ní ba mheasa ar Davitt na Mumhan
Agus cumhacht na meán fós ag ceiliúradh a chuid buanna?
Go mbeannaigh Dia ar a anam agus filíochta
Ach mothaím bréantas na fimíneachta.
Feicim Janus i gcomhrá le Jekkyl agus Hyde,
Wilde Oscar, Walt Whitman, Byron, agus Auden.
Na filí seo uilig ag saothrú na healaíne faoi scáth Don Juan agus Faust
Ag tabhairt ómóis san anfa, sa chraois, i dteampaill Dionysus
Coinnígí súil orthu cinnte, nil duine ar bith sábháilte ina láthair
Áit a bhfuil Balor, Cú Chulainn, agus Mac Suibhne thuas sa chrann
Beo go fóill sa fabhaltacht - ár scáth-shamhlaíocht
Na huafáis a nochtann croílár na cruinne dúinn, maith nó olc.
Ach in áit ag déanamh iarrachta a gcruthaitheacht a bhánú ón tsaol
Thig linn bheith ionraice agus admháil go raibh a leithéid ann ón tús
Ní saol gan fhile
Ni file gan an mhire
Paul Larkin
Baile Átha Cliath
Mi Aibreáin 2008