Alt Amháin - Single Article

Fonn!

airgead  glas  oráiste  corcra  buí  liath

Please email your comments to:

All fair comments, criticisms and praise will be posted!

Pól Ó Lorcáin
Paul Larkin

Chroniclers are privileged to enter where they list, to come and go through keyholes, to ride upon the wind, to overcome in their soarings up and down, all obstacles of distance, time and place.
Charles Dickens - Barnaby Rudge, Chapter The Ninth

Scéal Frank Connolly agus “Saighdiúirí na gCinniúna.”

Léiríonn an scéal náireach maidir leis na líomhaintí a chur Mícheál Mac Dubhghaill TD ar an iriseoir Frank Connolly níos mó faoi bhFianna Fáil ná an Páirtí Daonlathach. An fhírinne a rá, níl iontas ar bith a tháinig an leithéid de ghangaid amuigh as béal an Aire Dlí agus Cirt, nó gur seo an stíl a bhí aige ón tús. Is baol mór d’Fhianna Fáil áfach , an “Páirtí Poblachtach” mar a chuireann siad orthu féin , tacaíocht láidir a thabhairt don “Rottweiler” ina chuid ráitis scannalacha. Tá bonn tacaíochta measartha phoblachtach ag Fianna Fail go fóill, faoin tuath ach go háirithe, agus thiocfadh leis an affaire Connolly ag tiontú isteach go brachán ceart do Bertie Ahern, má éiríonn Sinn Féin buntáiste a bhaint as an scéal. Mar, sa chead dul síos, taispeánann sé go bhfuil Fianna Fail níos buartha faoin dul chun cinn Shinn Féin, seo an cúlra níos doimhne agus polaitiúil den ráiteas an Aire Dlí, agus an comhrialtas ag iarraidh ard a dhíriú ar an gColóim arist.
Ach tá ábhar buairimh eile do dhaoine ar an talamh a mbíonn de ghnáth ag vótáil ar son Fhianna Fáil agus sé sin an íomhá den rialtas ag déanamh ionsaí ar iriseoir aonarach a raibh chun cinn ag nochtadh an bréagadóireacht a bhí, agus tá, ag dul ar aghaidh sa tír seo. Seo i dtréimhse chomh maith nuair atá trealamh cogaidh de chuid George W Bush ag úsáid Éirinn mar aerstráice a haon ar an bhealach go dtí An Iaráic - na eitleáin atá i gceist, gan dabht, lán rudaí eile macasamhail baill den CIA agus MI6.
Bíonn an turas na bhaile i dtólamh níos faide ná cuimhneamh na bpolaiteoirí is glóraí sa tír seo agus feicim "feinchúl" ollmhór thart a choirnéil do “Saighdiúirí na gCinniúna.”

No comments yet:


 


Comments must be approved before being published.



Meta Information:

Title: Scéal Frank Connolly agus “Saighdiúirí na gCinniúna.”
Date posted: 12 Dec '05 - 00:15
Filed under: General
Next entry:  » Never The Twain Shall Meet ? - North South Unity
Previous entry:  « <b>The battlefield for the control of knowledge will be won or lost in -</b>

Baile - Home