Cinneadh an Rialtais maidir leis an teanga/The Goverment's decision regarding our language
A chomrádaitheTá an cinneadh a bhí fógartha ag an rialtas maidin inniu chun Oifig an Choimisinéara Teanga a dhruid go hiomlán scannalach. Is beag na hacmhainní atá ag na Gaeil cheana féin agus, rómhinic, bíonn an Stáit ag déanamh beag beann ar an chead teanga agus lucht labhartha na teanga laistigh de cóir a bheith achan ghné den tsaol sa tír seo.
Tá sé doiligh a creidmheal go bhfuil Páirtí an Lucht Oibre ag tacú an tionscnaimh seo. Comhartha eile atá ann i mo thuairimse nach dtig linn brath ar chomhlacht reachtúil ar bith - caithfidh na Gaeil a gcuid cearta a chosaint mar ghluaiseacht neamhspleách atá sásta dul i mbun agóide agus feachtas easumhlaíocht shibhialta má tá sé riachtanach. Ar ndóigh bheadh sé níos fearr agus níos éifeachtaí dá mbeadh an feachtas seo ag dul fite fuaite le hagóidí eile in éadan na laghduithe uafásacha atá romhainn ach ní mór do na Gaeil a beith d'aon ghuth láidir maidir le cearta na teanga.
Tír gan teanga Tír gan anam
No Pasarán
TRANSLATION
Dear Comrades
The decision announced by the government today that it intends to close the Office of The Irish Language Commisioners Office is a complete scandal. As things stand already, Irish speakers have very few resources and far too often, the Sate
has little regard for and diminishes what is supposed to be the First Language and the speakers of that language in nearly all walks of Irish life.
It is hard to believe that the Labour Party is supporting this initiative. Another sign in my view, that we cannot rely on any statutory body - as Irish speakers and as Gaels we have to protect our rights via an independent movement that is willing to demonstrate, agitate and if necessary conduct a campaign of civil disobedience. Of course this would be more effective if done in conjunction with other groups that are campaigning against the savage cuts that we face but Irish speakers need to be united in defending our language rights.
A Country Without Its Language Is A Country Without A Soul
No Pasarán
@Paul Larkin
Baile Átha Cliath
Mí na Samhna 2011









Is CUMA fán choimisinéir Teanga - tá Alt a h8 uainn. Ní raibh san oifig seo - agus san Acht Teanga ach breab agus cur i gcéill. Tá E200 milliún+ a chur amú ar an Ghaeilge gach bliain - níl oiread agus euro den airgead seo a chaitheamh go héifeachtach agus cuid mhór a chaitheamh ar rudaí atá ag déanamh dochair don teanga.
Is orainn féin a bhéas obair ar bith don todhchaí. Gníomh atá de dhíth... agus ná bímis ag fanacht le tuarastail ó na fealltóirí - ná cuidiú
Is iad cuid éilimh 'Iomláine' ar an ghné seo den cheist ná:
An dá rud seo go comhuaineach:
1. Airteagal 8 de bhunreacht na hÉireann i bhfeidhm - láithreach; agus:
2. Deireadh le GACH caiteachas ar an Ghaeilge/Gaeltacht per se.
Nuair a bhíonn ár gcearta againn, thig linn slán a fhágáil ag na saineolaithe agus leis na crumhóga eile atá ag comhoibriú le straitéis éagórach reatha an stáit Éire-Bhreataineach...
Ní choinneoidh mé m'anáil ag fanacht leis mar nach bhfuil duine ar bith sásta rud ar bith a dhéanamh faoi. Oileán na gcaora agus na cladhairí.
seo 'Comment' ar d'alt - níl an córas ag obair ar an suíomh...
P