Alt Amháin - Single Article

Fonn!

airgead  glas  oráiste  corcra  buí  liath

Please email your comments to:

All fair comments, criticisms and praise will be posted!

Pól Ó Lorcáin
Paul Larkin

Chroniclers are privileged to enter where they list, to come and go through keyholes, to ride upon the wind, to overcome in their soarings up and down, all obstacles of distance, time and place.
Charles Dickens - Barnaby Rudge, Chapter The Ninth

Sliocht as gearrscéal - Portráid den Avant-Garde ón Danmhairgis. Peter Høeg a scríobh an cnuasach.

Lá amháin i mí Dheireadh Fómhair 1939, sheol an dathadóir Simon Bering agus a ghirseach Nina amach go Christiansø. Sheol siad amach ón gcaladh Svaneke ar a 28ú breithlá , agus an séú bliain a bhí ann i ndiaidh a chuid dathadóireachta a bheith ar thaispeántais ollmhór den chéad uair agus sin ag tarraingt annála an lucht féachana a bhí dála slua atá caite amach go tobann san fhuacht agus a deoraí ag síleadh i mbéal na gaoithe, agus ón am sin amach ag díol ar son an phribhléid a bheith páirteach ina chuid tiomanta don todhchaí.
Brait ollmhóra a bhí i gceist ag dathadóireacht Simon, áit a bhog an 20ú haois thar orthu macasamhail slua inneall agus capall agus buíonta cogaidh agus coillte faoi thine go síoraí agus d’ardaigh siad anfa nach raibh socrú aige ó shin, agus fiú shéid sé é féin isteach go dtí an Reichkammer der bildenden Künste, áit a raibh fíorbheagán eachtrannach, le cine fíorghlan, ceaptha mar saoithe ealaíne .
Oíche amháin i mí an Mhárta deich mbliain roimhe seo, dhathaigh Simon, mar go raibh fiabhras air, an chéad ceann de na pictiúir nár dhruid siad féin dála tlachta, ach gur oscail siad féin dála gheata chuig an todhchaí, agus mhothaigh sé an lá seo i mí Dheireadh Fómhair go raibh na heachtraí a bhí roimhe anois mar thoradh díreach den oíche deich mbliana ó shin; go raibh sé mar a dhéarfá ar phlána úr agus níos airde arís, réidh leis an chéad briseadh tríd seo chuig a phearsa féin a athdhéanamh arís.
Do dhuine ar bith níos laige ná é féin, bheadh an clú agus cáil seo in ann é a greadadh, ach chan Simon, a chreid é féin go raibh sé mar pháirt den ghlúin agus cine a bhí níos folláine ná daoine ar bith roimhe seo. Leis an saibhreas a tháinig isteach i scuaine chuige ar bhuille boise, cheap sé gníomhaire diongbháilte idir é féin agus an lucht féachana agus cheannaigh sé áitreabh i lár København; sean teach buí a bhí ann le garraí, agus ballaí arda thart air.
Istigh anseo, fuair sé an tsíocháin choibhneasta sin in lár an anfa, thig leis a bheith ag obair anseo, agus anseo shroicheadh chuige an ghaoth fheanntach, a bhí ina seasamh timpeall a chuid dathadóireachta agus a phearsa féin, amháin mar chóir ghaoithe galánta de bheannachtaí agus fearthainn cineálta d’ór.
Thiocfadh leis an saol agus an obair siar ón phobail a roghnú. Thiocfadh leis cead a thabhairt do na pictiúir mhóra s’aige a bheith iompartha amach ó gheata an tí bhuí, é ag amharc orthu i bhfad sábháilte uaidh agus iad ag pléascadh macasamhail srapnal laistigh de cheannchathracha na hEorpa, ach cha’ dhéan sé sin, cionn is gur óráidí a bhí ann Simon. Mhothaigh sé olltharraing an fhírinne ina chuid dathadóireachta a lainseáil isteach sa saol mór le focail, mar is scuab phéinte é chomh maith an focal, agus le seo bhí sé ag iarraidh teaspach an tslua a mhothú agus é ina sheasamh os a gcomhair, ag brath na n-ainmneacha saorschaoilte mar bhrat bán roimhe, an teagmháil leictreach a bhunú agus aird, chun ansin é féin a chromadh chun tosaigh agus a chuid dathanna spadhardhearg a chur ar na haghaidheanna bána sin a bhí tiontaithe aníos ina threo macasamhail canbháis folmhaithe Sa tslí seo thiomain na hinnill ghluaiste ollmhóra, a bhí ag casúireacht chomh maith fite fuaite trína chuid pictiúr, é féin timpeall na hEorpa dála fháidh óg ar son ré úr agus fírinne úr. I dtús báire, láithrigh sé i measc an lucht saineolaithe ealaíne, ach de réir a chéile ag cruinnithe polaitiúla fosta, agus i mBeirlín an 2ú lá de mhí Lúnasa 1934 dheimhnigh sé gur thug ealaín úr na hEorpa tacaíocht don Fuehrer agus Reichkansler úr agus dúirt sé nach raibh ach Dia amháin agus sé sin an todhchaí. Éisteadh leis mar gheall ar an gcáil a bhí air agus, toisc go raibh sé chomh óg leis, tugadh cead dó níos mó a rá ná daoine eile, agus sa dóigh seo d’éirigh le Simon leagan cainte soiléir agus comhchruinnithe a thabhairt ar smaointigh a raibh go fóill doiléir agus scaipthe ag an am sin, agus labhair sé i dtolamh leis an láidreacht fhíréanta chéanna, úr ar nós drúcht na maidine, a bhí aige i mBeirlín – ag comhoscailt na nOilimpeacha agus taispeántas ealaíne i 1936 – nuair a d’ardaigh sé a aghaidh gheall bhán láidir os comhair an tslua phoiblí agus é ag amharc thar ar na farraige daonna seo, agus go bhrúidiúil díreach isteach sa mhicreafón mhaígh sé go raibh orainn, agus muid ag fanacht leis an ollchogadh a bhfuil dúil dóite inár gcroí againn ar a shon, ár dtrealamh a dhéanamh réidh leis an gcineál ealaíne a théann go smior ionann, agus is í an ealaín sin ná an dathadóireacht. Tá leabhair agus an ceol le fáil do dhaoine atá bréan le hamhras, molann an cogadh muid a bheith ag máirseáil agus ag amharc chun tosaigh agus gan a bheith ag titim le lobhadh laistigh de na hamharclainne agus na seomra léitheoireachta .
Tháinig Nina chuige ar an dóigh simplí ceannann ceanna agus a chuid cháil nó smaoineamh faoi phictiúr éigin.
No comments yet:


 


Comments must be approved before being published.



Meta Information:

Title: Sliocht as gearrscéal - Portráid den Avant-Garde ón Danmhairgis. Peter Høeg a scríobh an cnuasach.
Date posted: 07 Dec '05 - 00:13
Filed under: General
Next entry:  » Thought For The Day
Previous entry:  « NOT ANTI-YANKEEE - JUST ANTI BUSH

Baile - Home