Buaiteoir Chorn Uí Riada 2009 - Doimnic Mac Giolla Bhríde
An Óg-Tuathánach
Bhain Doimnic Mac Giolla Bhríde Corn Uí Riada ag Oireachtas na Samhna i mbliana. As an gCarraic sna Doirí Beaga, Tír Chonnaill ó dúchas Doimnic. Scríobh mé dán (An Óg-Tuathánach) faoi Dhoimnic cúpla bliain ó shin i ndiaidh dó ag ceol ag pósadh i Luimneach. Tá sé le léamh ag bun an phíosa seo.
Tá aithne mhaith agam ar Doimnic le blianta fada agus, mar sin, bhí mé ábalta a slí bheatha mar ceoltóir a leanstan. Cuireann sé a chroí is anam istigh sa cheol agus amhránaíocht na nGael agus níl aon dabht go bhfuil an bua stairiúil seo (an chead uair riamh gur bhain duine ar bith as Gaoth Dobhair Corn Uí Riada) tuillte aige. Tá mé chomh bródúil is chomh buíoch dó as glór Dé na Conallaigh a scaipeadh i measc na nGael ar fud fad an domhain
Thig libh an taifead a rinne TG4 ar Chorn Ui Riada a fheiceailt ag an nasc seo – http://www.tg4.tv/
Ansin cliceáil ar - Ceol - Cartlann
Ansin cliceáil ar Corn Uí Riada Beo – Iomlán
Doimnic ceol @ 0.22.35
Doimnic ceol @ 1.10.55
Fáil corn @ 1.46.00
Doimnic ceol @ 1.49.35
----------------------------------------------
An Óg-Tuathánach
Sleamhnaíonn sé saghas
Faiteach compordach
Suas chuig an micreafón
Lámh amháin sa phóca,
É ag luascadh anois
Dála crainn óig aird
Ag fanacht le gaoth.
An slua ar bís.
Réitíonn sé a ghob
Ar nós cuma leis,
Agus shilfeá gurb é,
Sular osclaíonn sé
A bhéal tanaí cúthail
Go nochtadh domhan eile.
Creathadh na heorna
Comhcheol na naomh
Croílár na féile
Bás tobann
A n-eascraíonn ó áit
Nach bhfuil fhios aige féin
Glór Dé ó dhúchas
Glór an dóchais
Glóir an dualgais
In aghaidh an dorchadais