Archives

Pól Ó Lorcáin
Paul Larkin

Chroniclers are privileged to enter where they list, to come and go through keyholes, to ride upon the wind, to overcome in their soarings up and down, all obstacles of distance, time and place.
Charles Dickens - Barnaby Rudge, Chapter The Ninth

An Óg-Tuathánach

Ag Pósadh Eileen Geraghty
An Luimneach
Mí Lúnasa 2006

An Óg-Tuathánach

Sleamhnaíonn sé saghas
Faiteach compordach
Suas chuig an micreafón
Lámh amháin sa phóca
É ag luascadh anois
Dála crainn óig aird
Ag fanacht le gaoth,
An slua ar bís.
Agus réitíonn sé a ghob
Ar nós cuma leis,
Agus shilfeá gurb é,
Sular osclaíonn sé
A bhéal tanaí cúthail
Go nochtadh domhan eile.

Creathadh na heorna
Comhcheol na naomh
Croílár na féile
Bás tobann
A n-eascraíonn ó áit
Nach bhfuil fhios aige féin

Glór Dé ó dhúchas
Glór an dóchais
Glóir an dualgais
In aghaidh an dorchadais

Féileire

<< February 2007 >>
SunMonTueWedThuFriSat
    123
45678910
11121314151617
18192021222324
25262728   

Cuardaigh - Search